News‎ > ‎

Ladhar V Barra Noafa

posted 23 Oct 2013, 06:03 by Unknown user
Ní mar a síltear a bítear !!
Is oth liom a rá nach raibh aon rath ag Ladhar i gcoinne Foireann Barra Naofa i gCill Mhuire dé Satharn seo caite. 
B'é Ladhar a fuair an chead scór - cic saor maith ó Briain Ó Drisceoil  ach b'é sin an taon uair amháin a bhí siad cun tosaigh. Fuair Barra Naofa cúl maith agus ní raibh aon freagra ag Ladhar go dtí go bhfuair Pallas scoth cúl. Ag an fead ghearr b'é an scór Barra Naofa 1-8 agus Ladhar 1-3.
Chuaigh Ladhar i bhfeabhas sa tarna leath ach bhI an comhacht ag Barra Naofa i lár na Pairce agus chriochnaig siad ar scór Barra Naofa 1-13 , Ladhar 1-9.
Rud ait a thugas faoi ndeara sa tarna leath ná an méid saor ciceanna a bhí ann - mar shampla Barra Naofa 15 in aghaidh 4 ag Ladhar !!!

Daithí Ó Murchú 1-0, Tadhg Ó Murchú 0-3, Donncha de Róiste 0-3, Sean Ó Murchú 0-1 , Máirtín Ó Cearnaigh 0-1 agus Briain Ó Drisceoil 0-1

D'ainneoin an díomu seo tá áthas an domhain ag gCumann Ladhar as ucht an bua i gcraobh Dú Ealla  agus cuirim comhgaradeachas mór do Concubhair Ó Buachalla, Bainsteoir agus do na fir stiúradh - Sean de Róiste , Muiris O Buachalla, agus Padraig Ó Ciossáin.     
Comments